Is Seachtain na Gaeilge é agus tá sé tabhachtach (agus suimiúil!) ag labhairt faoi obair as Gaeilge.

ag Zsé Varga,

Volunteering Development Programme Manager

Oibríonn Volunteer Ireland (Obair Dheonach Éireann) leis an An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta a chur i bhfeidhm. Tá eagraíochtaí eile, ar nós Ionaid d’Obair Dheonach agus páirtithe thábhachtacha leasmhara ag glacadh páirt san obair seo fosta.

Treoraíonn an Straitéis Náisiúnta Saorálaíochta 2021-2025 dul chun cinn na saorálaíochta in Éirinn. Leagann an Straitéis seo treoir ghinearálta amach do bheartas an rialtais le haghaidh saorálaíochta agus an timpeallacht saorálaíochta.  Deir suíomh idirlín an rialtais: “Tá de chuspóir leis an Straitéis an fiúntas faoi leith atá leis an tsaorálaíocht i saol na hÉireann a admháil, a chothú agus a chur chun cinn.” Ach ní don rialtas amháin atá an doiciméad seo.

Is deis iontach é seo don earnáil dheonach dul i bhfeidhm ar fhorbairt agus athrú an saorálaíochta in Éirinn.

56 beart faoi 5 chuspóir atá ann.

Seo iad i mbeagán focal:

  1. Rannpháirtíocht agus éagsúlacht a ardú
  2. Forbairt ar agus tacú leis an timpeallacht saorálaíochta
  3. Saorálaíocht a cheiliúiradh agus a aithint.
  4. Saorálaíocht idirnaisiúnta eiticiúil agus saoránacht domhanda in Éirinn a chur chun cinn.
  5. Soiléire bheartas an rialtais idir náisiúnta agus áitiúil a fheabhsú.

 

Cuirtear na 56 gníomh i bhfeidhm trí thionscadail.

Mar shampla

  • Déantar taighde ar shaorálaíochta agus daoine óga,
  • Déantar taighde ar cheannairí saorálaithe agus a gcuid riachtanais oiliúna
  • Reáchtáiltear tionscadail phraiticiúla ar nós cód iompair do shaorálaithe agus eagraíochtaí
  • Reáchtáiltear tionscandal ar sholúbthacht sa saorálaíocht. Is tionscandal suimiúil é agus baineann sé le róil ghearrthréimhsí agus róil thascbhunaithe, ciansaorálaíochta agus micrea-shaorálaíochta.

Is le haghaidh achan duine an Stráitéis Náisiúnta Saorálaíochta i saol an tsaorálaíochais.

Seo é an Straitéis i mBéarla: https://www.gov.ie/pdf/?file=https://assets.gov.ie/100239/8e18fb45-6e72-47f9-a1fb-7dcd59105c1a.pdf#page=null

Sign up for our quarterly newsletter and stay up to date with all things volunteering.